posted on 2015-01-20, 13:52authored byTadhg Ó hIfearnáin
Baineann an aiste seo Ie cumhacht íomhá TG4 ar phobal na
hÉireann agus ar phobail éagsúla na Gaeilge. Ní i gcónaí a
shamhlaítear cumhacht den chineál seo a bheith ag comhlacht
teilifíse, ach bhí dlúthcheangal idir cruthú an chainéil agus an t-ionad a
tugadh don Ghaeilge i saol na hÉireann deich mbliana ó shin; agus anois
go bhfuil sé fréamhaithe i gcultúr na tíre, irnríonn an stáisiún tionchar
nach beag ar dhearcadh mhuintir na hÉireann ar an nGaeilge féin. Tá
urrúntacht na teanga sa tsochaí náisiúnta agus a láithreacht sna meáin
chraolta ag brath cuid mhaith ar bhreith phobal na tíre ar a hionad ina
saol pearsanta féin agus ar an tslí a dtugann polaitíocht teanga an stáit
cruth ar an dearcadh sin. Dá thairbhe sin, tá folláine na meán Gaeilge
ina macalla, nó ina scáthán, ar bheartas náisiúnta na Gaeilge (Ó
hlfearnáin, 2000), beartas ar bainistíocht é ar a gcreideann pobal na tíre
faoin teanga agus ar an gcleachtas teangeolaíochta atá acu, de réir mhúnla
acadúil Shohamy (2006) agus Spolsky (2004), múnla a bhfuil glacadh
forleathan leis anois sa réimse seo Iéinn ós rud é go gcuimsíonn sé go leor
de na teoiricí ar an bpolaitíocht teanga a chuaigh roimhe, agus toisc go
bhfuil sé ag teacht Ie múnlaí a bhí in uachtar ar mhór-roinn na hEorpa
Ie blianta fada anuas ach nár tugadh dóthain airde orthu i saol
idirnáisiúnta an léinn sa Bhéarla (Ó hlfearnáin, 2006).
History
Publication
Ó hIfearnáin, Tadhg (2008) 'An tírdhreach teangeolaíoch agus taibhiú teanga ar TG4' In: O Connell, E., Walsh, J. & Denvir, G(Eds.). TG4 @ 10: Deich mBliana de TG4.;pp. 91-102, summary, pp. 195-197