posted on 2015-02-10, 18:11authored byTadhg Ó hIfearnáin
Tá oileán Cheap Breatainn suite sa chúinne thoir thuaidh de chúige
na hAlban Nua, in oirthear Cheanada. Oileán atá ann, ach tá 3 km de
thóchar thar chaolas Canso á cheangal leis an gcuid eile den chúige
agus le mór-roinn Mheiriceá Thuaidh. Tá sé tuairim is 175 km ar fad
agus 120 km ar leithead, agus tá 10,311 km2 sa dúiche seo ina raibh
cónaí ar 156,490 duine i 1996 (Statistics Canada 2001) .i. tá Oileán
Cheap Breatainn ar cóimhéid go garbh le contaetha Mhaigh Eo agus na
Gaillimhe le chéile ach gan ach leath a ndaonra siúd ann. Is é Sydney
príomhbhaile an oileáin, agus tá breis agus leath an phobail ina gcónaí
ansin nó sna bailte mórthimpeall ar chósta an Atlantaigh, mar a mbíodh
mianaigh agus neart tionsclaíochta go dtí lár an 20ú haois. Tá an chuid
eile den daonra scaipthe i mbailte beaga agus i mbailte fearainn sna
ceithre chontae atá san Oileán: Cape Breton County, ina bhfuil baile
Sydney; Richmond County taobh thiar agus theas de; Inverness County
ar chósta an iarthair; agus Victoria County a shíneann ó Bhá San
Labhrás ó dheas ar ais go dtí ceantar Sydney. Tagann teorainneacha na
gcontaetha le chéile i Lochanna Bras d’Or, loch mór agus sraith de
chuislí uisce atá i lár an oileáin agus a chlúdaíonn 932 km2, beagnach
dhá uair go leith níos mó ná Loch nEathach.