I Lár an Aonaigh : iniúchadh ar an athmhíniú agus an taibhléiriú a déantar ar amhráin dhúchasacha Gaeilge in Éirinn agus in Albain i gcomhthéacs nua-aimseartha
Léargas atá sa saothar seo ar na claochluithe a tháinig ar thraidisiún na
hamhránaíochta Gaeilge in Éirinn agus in Albain ón gcomhluadar pobail tuaithe as ar
eascair sí amach i dtreo na bpobal domhanda idirnáisiúnta ina mbíonn sí ag feidhmiú
anois. Tá forbairtí éagsúla tagtha ar amhránaíocht na Gaeilge sa dá thír, go mór mór ó
dheireadh an 19ú haois ar aghaidh. Ceistíonn an saothar seo impleachtaí an nuaaoiseachais
don amhránaíocht thraidisiúnta agus déantar scagadh ar an gcaoi a bhfuil
na hamhráin ag feidhmiú anois sa 21ú haois. Fiosraítear na hathruithe atá tagtha ar
phobal na hamhránaíochta agus ardaítear ceisteanna faoi sheilbh, faoi fheidhm, faoi
láithriú agus faoi sheachadadh na hamhránaíochta sa dá thír. Pléitear chomh maith
tuairimí roinnt amhránaithe sa dá thír maidir lena bhfuil d’athruithe ag rith ar a
gcomhthéacs sealbhaithe agus taibhléirithe.
Tháinig athruithe móra ar an amhránaíocht thraidisiúnta in Éirinn agus in Albain ó na
1960í i leith nuair a d’aimsigh grúpaí mar Cheoltóirí Cualann, ar dtús, agus leithéidí
Clannad agus Capercaillie ina dhiaidh sin, modhanna úrnua leis na hamhráin a chur i
láthair an phobail, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ceann de na hathruithe is
suntasaí atá tagtha ar an amhránaíocht ná go gcuirtear tionlacan de chineálacha
éagsúla leis na hamhráin anois go minic. Is iomaí bealach a ndéantar láithriú ar
amhráin thraidisiúnta Gaeilge anois agus déantar iniúchadh ar na modhanna láithrithe
éagsúla seo sa tráchtas seo. Ceistítear tuiscintí seanbhunaithe faoin amhránaíocht
thraidisiúnta agus chuige sin déantar scagadh ar cheist na barántúlachta i gcomhthéacs
na hamhránaíochta traidisiúnta agus i gcomhthéacs chultúr domhandaithe na linne
seo. Ceistítear go sonrach an tuairim a mhaíonn gur gan tionlacan amháin a bhíonn an
amhránaíocht thraidisiúnta is ‘barántúla’ agus is ‘dúchasaí’.
Déantar mionscagadh ar thréithe na hamhránaíochta Gaeilge in Éirinn agus in Albain
agus dírítear go sonrach ar dhá amhrán faoi leith, ‘Tá mé i mo Shuí’ na hÉireann agus
‘A Mhic Iain ’ic Sheumais’ na hAlban chun na forbairtí atá tagtha ar an traidisiún
amhránaíochta sa dá thír a fhiosrú ó thaobh theoiric an cheoil de. Pléitear an tuairim
gur truailliú ar an gceol agus ar an dúchas iad na hathruithe a thagann de bharr go
gcuirtear tionlacan leis na hamhráin. Bunaithe ar an scrúdú seo, maíonn an tráchtas go
bhfuil bealaí éagsúla ann chun an traidisiún a nochtadh agus, d’ainneoin tuairimí
láidre na gcaomhnóirí, nach lúide an mhaise a chuireann go leor de lucht an fhoráis ar
a ndúchas chomh maith.