posted on 2022-11-03, 08:22authored byJustin McCubbin
Inimircigh agus an Ghaeilge: Idé-eolaíocht agus Cleachtas Teanga Lucht Inimirce na
Gaeilge in Éirinn
Tá ceisteanna teanga, féiniúlachta agus imeasctha faoi chaibidil sa dioscúrsa náisiúnta ó
tháinig borradh faoin inimirce go hÉirinn um chasadh na mílaoise. Is annamh a dhírítear
ar cheist an imeasctha le pobal na Gaeilge áfach agus is fíorbheagán plé atá déanta sa
litríocht ar inimircigh a bheith ag imeascadh le pobail dúchais mhionteanga i dtíortha
eile. Eascraíonn sin as an dlúthnasc a mhothaítear a bheith idir mionteanga agus
eitneacht lucht a labhartha, creideamh eisintiúlach a bhfuil tionchar nach beag aige ar
theoiric agus ar iarrachtaí aisiompaithe teanga le scór bliain anuas. Staidéar
sochtheangeolaíoch atá sa tráchtas seo a thugann dúshlán an naisc mhothaithe sin trí
iniúchadh a dhéanamh ar chleachtas agus ar idé-eolaíocht teanga roinnt inimirceach in
Éirinn a bhfuil an Ghaeilge acu.
Lonnaítear an taighde i gcomhthéacs an neamhréitigh idé-eolaíochta idir beartas
follasach teanga an stáit agus an beartas atá le tuiscint as dioscúrsa agus gníomh an
phobail agus na n-údarás i leith na Gaeilge. Cuireadh agallamh leathstruchtúrtha ar
sheacht n-inimirceach déag sa bhliain 2007 ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad agus a
bhfuil cónaí orthu i gceantair Ghaeltachta agus uirbeacha. Cíoradh gnéithe éagsúla dá
gcleachtas agus dá n-idé-eolaíocht teanga agus rinneadh anailís chriticiúil ar a gcuid
dioscúrsa i dtaca le hábharthacht phraiticiúil agus feidhm féiniúlachta agus imeasctha na
Gaeilge de. Rinneadh anailís chriticiúil freisin ar shamplaí den dioscúrsa poiblí a
phléann na hábhair chéanna agus a bailíodh ó mheáin chlóite agus chraolta an Bhéarla
agus na Gaeilge idir 2005 agus 2010.
Léiríonn na torthaí go labhraíonn na faisnéiseoirí an Ghaeilge i réimse leathan fearann
idir phríobháideach, shóisialta agus ghairmiúil agus go bhfuil féiniúlachtaí iolracha ag a
bhformhór a chuimsíonn féiniúlacht Ghaelach. Cuireann siad in iúl ina gcuid dioscúrsa
gur uirlis i gcomhair an imeasctha agus i gcoinne na seineafóibe í an Ghaeilge. Is é a
mhalairt a léirítear sa dioscúrsa poiblí, go háirithe dioscúrsa an Bhéarla, a
athchruthaíonn idé-eolaíochtaí nádúraithe faoi mhí-oiriúnacht na Gaeilge don saol
comhaimseartha agus a chuireann an ciníochas agus an scothaicmeachas i leith
iarrachtaí aisiompaithe teanga, go speisialta i gcomhthéacs na Gaelscolaíochta. Tríd an
dá dhioscúrsa a chur i gcomórtas, faightear léargas ar an gcaoi a ndéantar idéeolaíochtaí
teanga agus féiniúlachta a bhainistiú i dteannta a chéile agus a chur in iúl i
mbeartas teanga ag leibhéil éagsúla sa tsochaí.
Is é príomhthátal an staidéir nach dtugtar spreagadh d’inimircigh an Ghaeilge a
fhoghlaim agus a labhairt toisc go dtiocfadh sin salach ar fhíorbheartas teanga an
phobail. Tá idé-eolaíocht an aonteangachais Bhéarla le tuiscint as dioscúrsa agus
gníomh an phobail i leith na Gaeilge a thaispeánann na catagóirí féiniúlachta agus
grúpbhallraíochta atá ar fáil d’inimircigh in Éirinn go hiarbhír agus a oibríonn san am
céanna chun an dáileadh éagothrom cumhachta idir lucht aonteangach an Bhéarla agus
pobal mionlaithe na Gaeilge a choimeád ina status quo. Is é luach an tsaothair go
dtugann sé peirspictíocht úr ar an mbeartas teanga mar phleanáil féiniúlachta in aimsir
mhórathruithe déimeagrafacha na hÉireann agus, ar shlí níos uilíche, go gcuireann sé
lenár dtuiscint theoiriciúil ar an aisiompú teanga i gcomhthéacs an trasnáisiúnachais
mhéadaithe agus an iolrachais féiniúlachta a ghabhann leis.
History
Degree
Doctoral
First supervisor
Ó hIfearnáin, Tadhg
Note
peer-reviewed
Language
Irish
Department or School
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide | School of English, Irish, and Communication