Loading...
Thumbnail Image
Publication

An phleanáil teanga agus an beartas teanga: coincheapa agus feidhm

Date
2012
Abstract
Pléitear stair na pleanála teanga mar dhisciplín acadúil agus mar ghníomh feidhmiúil sa chaibidil seo. Taispeántar go bhfuil an beartas teanga, ar paraidím measartha nua í, ag glacadh áit na pleanála teanga sa dioscúrsa léannta ach go bhfuil leanúnachas idir an dá choincheap. Mínítear go bhfuil an beartas teanga ina theoiric idirnáisiúnta a nochtadh i saol acadúil an Bhéarla ach go bhfuil sé ag teacht le cuid de na bunphrionsabail sa pholaitiocht teanga i múnlaí na hEorpa. Tá an beartas teanga bunaithe ar an taighde ar thrí ghné de shaol na teanga: an idé-eolaíocht (na rudaí a chreidtear faoi na teangacha), an cleachtas (an dóigh a mbaintear úsáid as na teangacha) agus an bhainistíocht (an tslí a ndéantar an cleachtas agus an idé-eolaiocht a stiúradh). I ndeireadh na caibidle ardaítear ceisteanna faoi aisiompú teanga agus faoi bheartas teanga an teaghlaigh.
Supervisor
Description
peer-reviewed
Publisher
Cois Life
Citation
An tsochtheangeolaíocht: feidhm agus tuairisc, Ó hIfearnáin, Tadhg & Ní Neachtain, Máire (eds);pp. 129-149
Funding code
Funding Information
Sustainable Development Goals
External Link
License
Embedded videos