Loading...
Thumbnail Image
Publication

An tírdhreach teangeolaíoch agus taibhiú teanga ar TG4

Date
2008
Abstract
Baineann an aiste seo Ie cumhacht íomhá TG4 ar phobal na hÉireann agus ar phobail éagsúla na Gaeilge. Ní i gcónaí a shamhlaítear cumhacht den chineál seo a bheith ag comhlacht teilifíse, ach bhí dlúthcheangal idir cruthú an chainéil agus an t-ionad a tugadh don Ghaeilge i saol na hÉireann deich mbliana ó shin; agus anois go bhfuil sé fréamhaithe i gcultúr na tíre, irnríonn an stáisiún tionchar nach beag ar dhearcadh mhuintir na hÉireann ar an nGaeilge féin. Tá urrúntacht na teanga sa tsochaí náisiúnta agus a láithreacht sna meáin chraolta ag brath cuid mhaith ar bhreith phobal na tíre ar a hionad ina saol pearsanta féin agus ar an tslí a dtugann polaitíocht teanga an stáit cruth ar an dearcadh sin. Dá thairbhe sin, tá folláine na meán Gaeilge ina macalla, nó ina scáthán, ar bheartas náisiúnta na Gaeilge (Ó hlfearnáin, 2000), beartas ar bainistíocht é ar a gcreideann pobal na tíre faoin teanga agus ar an gcleachtas teangeolaíochta atá acu, de réir mhúnla acadúil Shohamy (2006) agus Spolsky (2004), múnla a bhfuil glacadh forleathan leis anois sa réimse seo Iéinn ós rud é go gcuimsíonn sé go leor de na teoiricí ar an bpolaitíocht teanga a chuaigh roimhe, agus toisc go bhfuil sé ag teacht Ie múnlaí a bhí in uachtar ar mhór-roinn na hEorpa Ie blianta fada anuas ach nár tugadh dóthain airde orthu i saol idirnáisiúnta an léinn sa Bhéarla (Ó hlfearnáin, 2006).
Supervisor
Description
peer-reviewed
Publisher
Cló Iar-Chonnacht
Citation
Ó hIfearnáin, Tadhg (2008) 'An tírdhreach teangeolaíoch agus taibhiú teanga ar TG4' In: O Connell, E., Walsh, J. & Denvir, G(Eds.). TG4 @ 10: Deich mBliana de TG4.;pp. 91-102, summary, pp. 195-197