University of Limerick
Browse
Breathnach_2022_Tracht.pdf (388.13 kB)

Trácht ar an Eitinn i nDialanna  Luatha Sheáin Uí Ríordáin 1940–50

Download (388.13 kB)
journal contribution
posted on 2023-07-19, 08:29 authored by Pádraig Ó Liatháin, CIARA BREATHNACHCIARA BREATHNACH

Féachtar anseo ar dhialanna luatha Uí Ríordáin faoi mar a thráchtann siad ar ghalar na heitinne sa tréimhse idir 1940 agus 1950. Tosaíonn Dialann 1 ar an 1 Eanáir 1940, agus críochnaíonn Dialann 8 ar an 8 Márta 1950. Tugann na dialanna seo éachtaint ar a raibh á fhulaingt ag an Ríordánach agus é ina fhear óg, agus faightear iontu léiriú gléineach ar thaithí laethúil an duine bhreoite, ar thaithí an té atá faoi ghalar riospráide.

An rud atá suntasach agus éagsúil faoi Ó Ríordáin ná go ndéanann sé plé rialta, beagnach laethúil ar a shláinte, agus ar an streachailt leanúnach a bhaineann léi. Tugann sé insint uaidh, mar shampla, ar nithe mar seo a leanas, meáchan a choirp, taomanna breoiteachta a bhuaileann é, sealanna sa sanatóir, iarrachtaí chun cumarsáide nár éirigh leo, stiogma na heitinne sa phobal, etc. Tá luach faoi leith ag baint leis na hinsintí seo, agus tá níos mó sna dialanna ná cuntais ghonta ghairide ar a bhreoiteacht; bíonn siad fada, mionchúiseach, agus pearsanta. Féinscagthach agus dian air féin go minic, is beag an dóchas a bhíonn aige agus é ag cur síos go mion ar na nithe beaga laethúla a bhaineann le saol an bhreoiteacháin. Is minic an tuairim aige go bhfuil an bás lena ais agus luann sé cuma a chuid seile, an chasachtach a bhíonn air, an réama a thagann aníos agus na fiabhrais arda a thagann air. Mar sin, tá luach faoi leith ag baint leis an taighde seo i gcomhthéacs stair an leighis in Éirinn agus sa staidéar ar Dhaonnachtaí an Leighis.

History

Publication

COMHARTaighde , 2022 Samhain Eagrán 8

Publisher

COMHAR

Department or School

  • History

Usage metrics

    University of Limerick

    Exports

    RefWorks
    BibTeX
    Ref. manager
    Endnote
    DataCite
    NLM
    DC