University of Limerick
Browse

Idé-eolaíocht agus Daonteangeolaíocht na Gaeilge: aird ar éagsúlacht teanga na Gaeilge

Download (3.06 MB)
thesis
posted on 2022-12-15, 11:56 authored by Noel Ó Murchadha
Bíodh is go bhfuil aitheantas follasach ag urlabhra thraidisiúnta na Gaeltachta mar mhúnla teanga don Ghaeilge ón uair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i leith, is beag iniúchadh a deineadh ó shin ar inghlacthacht an mhúnla Ghaeltachta i measc an phobail. Taispeánann taighde comhaimseartha ar Ghaeilge na Gaeltachta go bhfuil an urlabhra ag imeacht go mear ón gcanúint thraidisiúnta agus go bhfuil éagsúlacht leathan ag teacht chun cinn i measc cainteoirí óga. San am céanna, tá urlabhra úr ag teacht sa treis san iar-Ghaeltacht a fheidhmíonn beag beann ar mhúnla na Gaeltachta, is cosúil. Is léir, dá réir sin, nach bhfuil an múnla Gaeltachta á chothú go rathúil sa Ghaeltacht ná san iar-Ghaeltacht faoi na cúinsí athraitheacha sóisialta a shainíonn an bhail shóisialta a dtugtar an nua-aoiseacht dhéanach uirthi. Fiosraítear sa tráchtas seo aird an phobail ar an éagsúlacht sa Ghaeilge chomhaimseartha. Is í aidhm an tsaothair mionléiriú a dhéanamh ar na múnlaí a nglacann an pobal leo go follasach agus go folaithe mar shlat tomhais don Ghaeilge ‘cheart’ ‘bharántúil’ ‘dhlisteanach’. Maítear sa tráchtas go bhfuil an léargas ar mhúnlaí teanga agus ar shlat tomhais an phobail tábhachtach san iniúchadh ar an aistriú teanga agus sa taighde ar an nasc idir an t-aistriú teanga agus an idé-eolaíocht ar an éagsúlacht teanga. Idir Eanáir agus Bealtaine 2010, bailíodh sonraí ar aird an phobail ar an éagsúlacht sa Ghaeilge trí leas a bhaint as modhanna díreacha agus indíreacha. Ar dhéagóirí i meánscoileanna agus i gceantair Ghaeltachta na Mumhan a bhí an bhéim den chuid is mó agus ghlac 262 dalta páirt i dtástáil mheasúnú cainteora agus ghlac 80 duine acu siúd páirt i ngrúpaí fócais. Chomh maith leis na déagóirí, cuireadh agallamh ar phríomhoidí agus ar mhúinteoirí sna meánscoileanna agus ar mhac léinn amháin ollscoile ón iar-Ghaeltacht. Iniúchadh sna hagallaimh sin na múnlaí dlisteanacha a aithníonn na rannpháirtithe. Taispeánann na torthaí go bhfuil gradam na gcanúintí traidisiúnta Gaeltachta daingnithe go maith in idé-eolaíocht fhollasach an phobail Ghaeltachta ar an ii éagsúlacht teanga sa Ghaeilge. Tacaíonn freagraí follasacha na rannpháirtithe Gaeltachta leis an idé-eolaíocht a bhronnann stádas agus gradam ar chaint na Gaeltachta mar mhúnla ardghradaim teanga. Aithníonn an rannpháirtí iar-Ghaeltachta gur ar na canúintí traidisiúnta Gaeltachta a bhronntar an gradam sa phobal, ach ceistíonn sé tosach áite an mhúnla Ghaeltachta agus an caitheamh anuas a dhéantar ar shaghsanna Gaeilge nach bhfuil ag teacht leis an múnla sin. Ní hamhlaidh an scéal leis na torthaí ón gcuid indíreach den taighde. Dá chaolchúisí an cur chuige sa Ghaeltacht is ea is mó a bhíonn luacháil dhearfach an phobail ar an éagsúlacht sa Ghaeilge ag teacht le tréithe na hurlabhra comhaimseartha a gcuirtear síos orthu i dtuairiscí ar Ghaeilge na hóige Gaeltachta agus ar Ghaeilge na hiar-Ghaeltachta. Is é sin le rá, nuair a bhaintear leas as uirlisí measúnaithe indíreacha, agus go háirithe as uirlisí folaithe, déanann rannpháirtithe luacháil níos dearfaí ar shaghsanna Gaeilge atá ag teacht sa treis i measc cainteoirí óga sa Ghaeltacht agus i measc an-chuid cainteoirí iar-Ghaeltachta, ach a mbítear ag caitheamh anuas orthu sa mheasúnú follasach oscailte. Léiríonn an saothar go bhfuil neamhréir shuntasach idir an treo ina bhfuil an teanga ag gluaiseacht agus an múnla a aithnítear sa phleanáil oifigiúil teanga don Ghaeilge. Maítear go mbíonn tionchar ar idé-eolaíocht cheannasach fhollasach an phobail ag tosach áite na Gaeltachta sa phleanáil oifigiúil teanga, ach áitítear go gcuirtear múnla malartach folaithe in iúl le hurlabhra chomhaimseartha na hóige Gaeltachta. Cuirtear in iúl go bhfuil múnla á leanúint go feasach nó go fo-chomhfhiosach ag aos óg na Gaeltachta a mbíonn tionchar air ag an mBéarla agus ag an nGaeilge ar scoil, i measc an phiarghrúpa, i gceantair eile Ghaeltachta, san iar-Ghaeltacht agus sna meáin chraolta. Maítear go bhfuil an múnla folaithe sin agus an idé-eolaíocht fholaithe ar an éagsúlacht teanga fite fuaite go dlúth ina chéile óir sa mheasúnú indíreach, agus go háirithe sa mheasúnú folaithe, bíonn rannpháirtithe níos dearfaí i leith na saghsanna Gaeilge atá ag teacht chun cinn san urlabhra ach a mbítear ag caitheamh anuas orthu sa mheasúnú díreach follasach. Maítear gur toradh i bpáirt í an idé-eolaíocht ar na hathruithe ar an urlabhra Ghaeilge, ach téann an idé-eolaíocht i bhfeidhm ar an urlabhra chomh maith céanna.

History

Degree

  • Doctoral

First supervisor

Ó hIfearnáin, Tadhg

Note

peer-reviewed

Language

English

Department or School

  • Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide | School of English, Irish, and Communication

Usage metrics

    University of Limerick Theses

    Categories

    No categories selected

    Exports

    RefWorks
    BibTeX
    Ref. manager
    Endnote
    DataCite
    NLM
    DC